Mná na hÉireann
Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ólIs tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoilNá seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beoMise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód
Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach pógÓ bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deoIs tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.
Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór,Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bóLe bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain,Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól